1 Chuir Aintíochas mac Dhéimitrias rí litir ó insí ina mara go Síomón, sagart agus eatnarch na nGiúdach, agus go dtí an náisiún ar fad;
2 mar seo a ghabh sí:Aintíochas rí go Síomón ardsagart agus eatnarch agus go dtí an cine Giúdach, beatha agus sláinte!
3 Fág go bhfuil ceannas faighte ag scraistí áirithe ar ríocht ár sinsear, is mian liom an ríocht a éileamh ar ais d'fhonn í a athbhunú faoi mar a bhí cheana; tá líon mór amhas fostaithe agam agus loingeas cogaidh i bhfearas agam,
4 agus tá sé ar aigne agam dul i dtír ansiúd ionas go rachainn in aghaidh na ndaoine a scrios ár dtír agus a chreach a lán cathracha i mo ríocht.
5 Déanaim dá bhrí gach maitheamh cánach a dheonaigh na ríthe romham duit a dhaingniú leat, agus fuasclaím thú ó gach íoc eile ónar fhuascail siadsan thú.
6 Ceadaím duit d'airgead féin a bhualadh mar airgead reatha do do thír féin,