15 Idir an dá linn tháinig Núiméinias agus a chompánaigh ón Róimh le litreacha go dtí ríthe agus tíortha; mar leanas a ghabh na litreacha:
16 Lúicias, consal na Róimhe, do Ptoilimí rí, beatha agus sláinte!
17 Tháinig toscairí na nGiúdach chugainn mar chairde agus mar chomhghuaillithe d'fhonn ár gcairdeas agus ár gconradh bunaidh a athnuachan: Síomón an t‑ardsagart agus an pobal Giúdach a chuir chugainn iad
18 agus thug siad leo sciath óir a mheánn míle míoná.
19 Bheartaíomar dá bhrí sin scríobh go dtí na ríthe agus na tíortha go léir a rá leo gan a bheith ag iarraidh díobhála a dhéanamh dóibh, ná cogadh a chur orthu féin ná ar a gcathracha ná ar a dtíortha, ná conradh a dhéanamh leo siúd atá ag cogaíocht leo.
20 Bheartaíomar an sciath a ghlacadh uathu.
21 Má theith aon scraistí chugaibh as a dtírsean, tugaigí ar láimh iad do Shíomón an t‑ardsagart, le go gcuirfeadh sé pionós orthu de réir a ndlí.