20 Bheartaíomar an sciath a ghlacadh uathu.
21 Má theith aon scraistí chugaibh as a dtírsean, tugaigí ar láimh iad do Shíomón an t‑ardsagart, le go gcuirfeadh sé pionós orthu de réir a ndlí.
22 Scríobh [an consal] an teachtaireacht chéanna go Déimitrias rí, go hAtlas agus Airiartaes agus Arsacaes,
23 agus go dtí na tíortha go léir, go Sampsamaes, go dtí na Spartaigh, go dtí Daolos, go Mundos, go Siceon, go Cairia, go Samos, go Paimfilia, go Luicia, go Hailicearnasas, go Ródos, go Faiséilis, go Cos, go Sidéas, go hArados, go Gartuna, go Cniodos, go dtí an Chipir, agus go Ciréiné.
24 Chuireadar cóip den mhéid sin go Síomón an t‑ardsagart chomh maith.
25 Idir an dá linn ar imeall na cathrach, chuir an rí Déimitrias léigear ar Dhóra, agus bhí sé gan stad ag cur a fhórsaí á ionsaí agus ag déanamh inneall cogaidh. Bhí Trufón teanntaithe aige, gan dul as ná ann aige.
26 Chuir Síomón dhá mhíle fear tofa go hAintíochas mar chabhair sa troid, agus airgead agus ór agus soláthairtí cogaidh.