27 Ach dhiúltaigh sé glacadh leo agus shéan sé na conarthaí go léir a bhí déanta aige le [Síomón] roimhe sin, agus d'athraigh sé a mheon ina leith ar fad.
28 Chuir sé Ataenóibias, duine dá chairde, le hagallamh a dhéanamh leis, agus a rá: “Tá seilbh agat anois ar Iopa agus ar Gazara, agus ar an Dúnfort in Iarúsailéim; is cathracha de mo ríochtsa iadsan.
29 Scrios tú a gcríocha, rinne tú a lán díobhála sa tír, agus thóg tú seilbh ar a lán áiteanna i mo ríocht.”
30 “Anois más ea, tabhair suas na cathracha a ghabh tú, agus cánacha na n‑áiteanna ar thóg tú seilbh orthu, lasmuigh de chríocha Iúdáia,
31 nó, ceachtar acu, tabhair dom ina ionadsan cúig céad tallann airgid, agus cúig céad tallann breise mar chúiteamh sa scrios a rinne tú, agus in airgead cánach na gcathrach; mura ndéanann tú, tiocfaimid agus cuirfimid cogadh ort.”
32 Tháinig Ataenóibias, duine de chairde an rí, go Iarúsailéim dá bhrí sin agus nuair a chonaic sé glóir Shíomóin, agus an cornchlár lena ghréithe óir agus airgid, agus a thaibhseacht go léir, tháinig ardionadh air. Thug sé teachtaireacht an rí dó,
33 ach sé a dúirt Síomón mar fhreagra: “Níor ghabhamar críocha eachtrannacha ná níor thógamar seilbh ar chuid allúrach, ach ar oidhreacht ár sinsear a bhain ár naimhde dínn go héagórach tráth.