32 Tháinig Ataenóibias, duine de chairde an rí, go Iarúsailéim dá bhrí sin agus nuair a chonaic sé glóir Shíomóin, agus an cornchlár lena ghréithe óir agus airgid, agus a thaibhseacht go léir, tháinig ardionadh air. Thug sé teachtaireacht an rí dó,
33 ach sé a dúirt Síomón mar fhreagra: “Níor ghabhamar críocha eachtrannacha ná níor thógamar seilbh ar chuid allúrach, ach ar oidhreacht ár sinsear a bhain ár naimhde dínn go héagórach tráth.
34 Anois, ámh, ó tá an chaoi againn, tá greim á coimeád againn ar oidhreacht ár sinsear.
35 Maidir le Iopa agus le Gazara atá á n‑éileamh agaibhse, bhí a lán díobhála á dhéanamh acu i measc ár muintire agus dár dtír; táimid sásta céad tallann a thabhairt orthu.” Níor labhair Ataenóibias fiú focal á fhreagairt,
36 ach d'fhill ar ais go dtí an rí agus an-fhearg air, agus d'aithris an chaint sin dó, agus d'inis faoi ghlóir Shíomóin agus gach a bhfaca sé. Tháinig racht feirge ar an rí.
37 Chuaigh Trufón ansin ar bord loinge agus d'éalaigh sé go hOrtóise.
38 Ansin cheap an rí Ceandabaes ina cheann feadhna ar na feoranna agus thug fórsa coisithe agus marcach dó.