5 Déanaim dá bhrí gach maitheamh cánach a dheonaigh na ríthe romham duit a dhaingniú leat, agus fuasclaím thú ó gach íoc eile ónar fhuascail siadsan thú.
6 Ceadaím duit d'airgead féin a bhualadh mar airgead reatha do do thír féin,
7 agus fógraím Iarúsailéim agus an sanctóir saor. Na hairm go léir a sholáthraigh tú, agus na daingin a thóg tú agus atá i do sheilbh, bídís agat i gcónaí.
8 Na fiacha rí go léir atá ort, nó a bheidh ort, maithfear duit iad, anois agus go brách.
9 Nuair a gheobhaimid seilbh ar ár ríocht, bronnfaimid onóir mhór ort féin agus ar do chine agus ar an Teampall, i dtreo go mbeidh bhur nglóir le feiceáil ag an domhan go léir.
10 Sa bhliain céad seachtó a ceathair, chuir Aintíochas chun bealaigh agus rinne ionradh ar thír a shinsear. Tháinig na fórsaí go léir ar a thaobh i dtreo nach raibh ach an beagán fágtha ag Trufón.
11 Chuaigh Aintíochas sa tóir airsean agus tháinig sé go Dóra ar bhruach na farraige ag lorg dídine,