8 Na fiacha rí go léir atá ort, nó a bheidh ort, maithfear duit iad, anois agus go brách.
9 Nuair a gheobhaimid seilbh ar ár ríocht, bronnfaimid onóir mhór ort féin agus ar do chine agus ar an Teampall, i dtreo go mbeidh bhur nglóir le feiceáil ag an domhan go léir.
10 Sa bhliain céad seachtó a ceathair, chuir Aintíochas chun bealaigh agus rinne ionradh ar thír a shinsear. Tháinig na fórsaí go léir ar a thaobh i dtreo nach raibh ach an beagán fágtha ag Trufón.
11 Chuaigh Aintíochas sa tóir airsean agus tháinig sé go Dóra ar bhruach na farraige ag lorg dídine,
12 mar bhí a fhios aige go raibh trioblóidí sa mhullach air agus go raibh sé tréigthe ag a shaighdiúirí.
13 Shuigh Aintíochas a longfort os comhair Dhóra agus céad agus a fiche míle curadh aige, agus ocht míle marcach.
14 Chuir sé léigear ar an gcathair agus dhruid na longa i gcóngar chun catha a chur ón muir; bhí an chathair faoi ionsaí dian ó mhuir agus ó thír aige, agus gan cead ag aon duine dul inti ná teacht aisti.