10 Theith siad freisin isteach sna túir i ngoirt Azótas; chuir [Eoin] an áit sin trí thine. Thit timpeall dhá mhíle díobh. D'fhill Eoin slán folláin go Iúdáia.
11 Ceapadh Ptoilimí mac Abúbas ina ghobharnóir ar mhachaire Ireachó; bhí a lán airgid agus óir aige,
12 mar ba é cliamhain an ardsagairt é.
13 Tháinig éirí in airde air ina chroí istigh, agus bheartaigh sé ceannas a fháil ar an tír agus chrom ar fheall a dhéanamh ar Shíomón agus ar a chlann mhac, agus iad a scriosadh.
14 Bhí Síomón ag fiosrú na gcathracha ar fud na tíre agus ag déanamh cúraim dá gcás; agus chuaigh sé síos go hIreachó, le Mataitias agus Iúdás a chlann mhac, sa bhliain céad seachtó a seacht, san aonú mí déag, i mí Seabat is é sin.
15 Mheall mac Abúbas go cealgach iad isteach sa dún beag darb ainm Dóc a bhí tógtha aige; rinne sé fleá mhór dóibh ach chuir fir i bhfolach ann.
16 Nuair a bhí Síomón agus a mhic ar meisce, d'éirigh Ptoilimí agus a chuid fear, rug ar a n‑airm, agus thug ruathar isteach i halla na fleá faoi Shíomón; mharaíodar é féin agus a bheirt mhac agus cuid dá ghiollaí.