17 Rinne sé beart mór fill ar an tslí sin agus thug olc ar mhaith.
18 Ansin scríobh Ptoilimí tuairisc ar na nithe sin agus chuir é go dtí an rí á iarraidh air fórsaí a chur i gcabhair air agus na cathracha agus an tír a thabhairt ar láimh dó.
19 Chuir sé daoine eile go Gazara le hEoin a dhíothú agus chuir sé litreacha go dtí na hoifigigh á iarraidh orthu teacht chuige le go dtabharfadh sé airgead agus ór agus bronntanais dóibh.
20 Chuir sé a thuilleadh le seilbh a fháil ar Iarúsailéim agus ar Chnoc an Teampaill.
21 Ach bhain duine éigin an tosach de le barr luais agus d'inis sé d'Eoin ag Gazara go raibh a athair agus a dheartháireacha básaithe, agus ar sé: “Tá fir seolta uaidh aige chun tusa a mharú chomh maith!”
22 Bhain an scéala sin stangadh an-mhór as, agus ghabh sé na fir a tháinig chun é a ídiú, agus mharaigh iad mar go raibh fios rún a mharaithe aige.
23 An chuid eile d'imeachtaí Eoin, a chogaí agus na gníomhartha gaile a rinne sé, na ballaí cathrach a thóg sé, agus a bhearta go léir,