2 Chuir Síomón fios ar Iúdás agus ar Eoin, an bheirt mhac ba shine aige, agus dúirt leo: “Throid mise agus mo bhráithre agus teaghlach m'athar cogaí Iosrael ónár n‑óige go dtí an lá inniu, agus bhí rith an rása linn i dtreo gur minic a rinneamar Iosrael a fhuascailt.