6 Chuir sé féin agus a armáil cóiriú catha orthu féin ina n‑aghaidh agus nuair a chonaic sé go raibh eagla ar an slua gabháil thar an sruthán, ghabh sé féin anonn ar dtús; nuair a chonaic a chuid fear é, ghabh siad anonn ina dhiaidh.
7 Ansin rinne sé dhá chuid dá arm, agus chuir an marcshlua i lár na gcoisithe, mar bhí marcshlua an namhad an-líonmhar.
8 Ansin shéid siad na stoic, agus cuireadh an teitheadh ar Cheandabaes agus ar a shluaite, agus goineadh agus treascradh a lán acu; theith an chuid eile isteach sa Dúnfort.
9 Ansin is ea a goineadh Iúdás deartháir Eoin, ach chuir Eoin tóir orthu nó gur shroich [Ceandabaes] Cidreon, áit a thóg sé féin.
10 Theith siad freisin isteach sna túir i ngoirt Azótas; chuir [Eoin] an áit sin trí thine. Thit timpeall dhá mhíle díobh. D'fhill Eoin slán folláin go Iúdáia.
11 Ceapadh Ptoilimí mac Abúbas ina ghobharnóir ar mhachaire Ireachó; bhí a lán airgid agus óir aige,
12 mar ba é cliamhain an ardsagairt é.