19 D'ardaigh Mataitias a ghlór agus d'fhreagair: “Fiú má ghéilleann gach náisiún atá faoi cheannas an rí dó agus má thréigeann gach ceann acu creideamh a shinsear d'fhonn géilleadh dá reachtanna,
20 leanfaidh mise agus mo chlann mhac agus mo dheartháireacha de chonradh ár sinsear.
21 Nár lige Dia go dtréigfimis an dlí agus a reachtanna.
22 Ní leanfaimidne ordú an rí; ní chlaonfaimidne ar dheis ná ar chlé ónár gcreideamh féin.”
23 Nuair a bhí deireadh ráite aige tháinig Giúdach chun tosaigh os comhair an tslua go léir le híobairt a ofráil ar an altóir i Móidín, de réir mar a d'ordaigh fógra an rí.
24 Nuair a chonaic Mataitias é sin bhuail díograis é. Tháinig corraí as cuimse air agus racht feirge fíréin. Theilg sé é féin ar an bhfear agus mharaigh é ar an altóir.
25 San am céanna mharaigh sé coimisinéir an rí a bhí a chur d'iallach orthu íobairt a dhéanamh, agus réab sé an altóir as a chéile.