42 D'aontaigh cuallacht Hasadaech leo, gaiscígh chróga le hIosrael, agus gach duine díobh á thabhairt féin dá dheoin don dlí.
43 Ghabh gach duine a theith ón ngéarleanúint leo chomh maith agus thug siad breis tacaíochta dóibh.
44 Chuir siad eagar airm orthu féin, leag siad peacaigh ar lár le teann feirge, agus coirpigh le reacht buile; theith ar tháinig slán chun na bpágánach ag lorg dídine.
45 Ghabh Mataitias agus a chairde timpeall agus scartáil siad na haltóirí,
46 agus aon bhuachaillí a fuair siad gan timpeallghearradh i gcríocha Iosrael, rinne siad iad a thimpeallghearradh dá n‑ainneoin.
47 Chuir siad tóir ar lucht an éirí in airde, agus bhí rith an rása lena gcúram.
48 D'fhuascail siad an dlí ó láimh na bpágánach agus na ríthe, agus níor fhág siad an buntáiste ag an gcoirpeach.