11 Nuair a fuair Iúdás scéala, ghabh sé amach ina choinne, bhris sé air agus mharaigh sé é; thit a lán i gcosair chró, agus theith an chuid eile.
12 Ansin ghabhadar a gcreach agus thóg Iúdás claíomh Apollóinias agus bhain sé feidhm as i gcath an chuid eile dá shaol.
13 Nuair a chuala Saerón, ceannaire arm na Síre, go raibh díorma tréan bailithe ag Iúdás ina thimpeall, buíon creidmheach agus lucht tathaíoch ar chogaíocht,
14 dúirt sé: “Bainfidh mé clú agus cáil amach agus tuillfidh mé onóir sa ríocht má chuirim cogadh ar Iúdás agus ar a lucht tacaíochta nach bhfuil meas acu ar ordú an rí.”
15 Chuaigh sé ar aghaidh dá bhrí sin agus arm láidir d'aindiagaigh mar thaca aige le díoltas a imirt ar chlann Iosrael.
16 Bhí fána Bhéit Horón sroichte aige nach mór nuair a ghabh Iúdás amach ina aghaidh le buíon an-bheag fear.
17 Nuair a chonaic siadsan an t‑arm ag teacht ina n‑aghaidh, dúirt siad le Iúdás: “Conas is féidir dúinne agus a laghad dínn atá ann, troid i gcoinne slua atá chomh mór agus chomh tréan sin? Agus táimid lag, agus sinn ar céalacan fós inniu.”