13 Nuair a chuala Saerón, ceannaire arm na Síre, go raibh díorma tréan bailithe ag Iúdás ina thimpeall, buíon creidmheach agus lucht tathaíoch ar chogaíocht,
14 dúirt sé: “Bainfidh mé clú agus cáil amach agus tuillfidh mé onóir sa ríocht má chuirim cogadh ar Iúdás agus ar a lucht tacaíochta nach bhfuil meas acu ar ordú an rí.”
15 Chuaigh sé ar aghaidh dá bhrí sin agus arm láidir d'aindiagaigh mar thaca aige le díoltas a imirt ar chlann Iosrael.
16 Bhí fána Bhéit Horón sroichte aige nach mór nuair a ghabh Iúdás amach ina aghaidh le buíon an-bheag fear.
17 Nuair a chonaic siadsan an t‑arm ag teacht ina n‑aghaidh, dúirt siad le Iúdás: “Conas is féidir dúinne agus a laghad dínn atá ann, troid i gcoinne slua atá chomh mór agus chomh tréan sin? Agus táimid lag, agus sinn ar céalacan fós inniu.”
18 D'fhreagair Iúdás: “Is furasta don bheagán an mórán a theanntú, mar i láthair Neimhe is ionann fuascailt trí mhórán nó trí bheagán;
19 mar ní ar líon an tslua atá bua catha ag brath, ach is ó neamh a thagann an neart.