17 Nuair a chonaic siadsan an t‑arm ag teacht ina n‑aghaidh, dúirt siad le Iúdás: “Conas is féidir dúinne agus a laghad dínn atá ann, troid i gcoinne slua atá chomh mór agus chomh tréan sin? Agus táimid lag, agus sinn ar céalacan fós inniu.”
18 D'fhreagair Iúdás: “Is furasta don bheagán an mórán a theanntú, mar i láthair Neimhe is ionann fuascailt trí mhórán nó trí bheagán;
19 mar ní ar líon an tslua atá bua catha ag brath, ach is ó neamh a thagann an neart.
20 Tá siad ag teacht inár gcoinne ag borradh le huabhar agus le coirpeacht d'fhonn sinne agus ár mná agus ár leanaí, a scriosadh, agus a chreachadh.
21 Ach táimidne ag troid ar son ár n‑anama agus ár ndlíthe.
22 Déanfaidh seisean iad a smiotadh os comhair ár súl; ná bíodh eagla oraibh rompu.”
23 Nuair a bhí deireadh aige, thug sé fogha faoi Shaerón agus a shluaite go tobann agus chuir i raon maidhme roimhe iad;