28 D'oscail sé a chiste agus thug pá bliana dá arm agus d'ordaigh dóibh a bheith ullamh d'aon ní a tharlódh.
29 Fuair sé amach ansin go raibh airgead an chiste caite agus gur bheag a bhí ag teacht isteach ón tír de bharr an aighnis agus an tranglaim a thug sé ar an tír toisc na dlíthe a bhí i bhfeidhm leis na cianta a chur ar ceal.
30 Thosaigh eagla ar theacht air go dtarlódh sé mar a tharla uair nó dhó roimhe sin, nach mbeadh go leor ina chiste le haghaidh na gcostas agus na dtabhartas a bhíodh á mbronnadh aige níos féile ná na ríthe a ghabh roimhe.
31 Bhí suaitheadh mór intinne air agus bheartaigh sé ar dhul go dtí an Pheirs, le cánacha a thobhach ó na réigiúin sin agus suim mhór airgid a bhailiú.
32 D'fhág sé Lisias, duine uasal den ríshliocht, i bhfeighil cúraimí an rí ó abhainn an Eofrataes go teorainneacha na hÉigipte.
33 Eisean freisin a bhí lena mhac Aintíochas a oiliúint nó go bhfillfeadh sé.
34 Chuir sé leath a shluaite agus na heilifintí faoi chúram Lisias chomh maith agus thug sé treoracha dó i dtaobh a raibh á bheartú aige a dhéanamh, go háirithe maidir leis an muintir a bhí ag cur fúthu in Iúdáia agus in Iarúsailéim.