3 Leath sé cáil a mhuintire.Chuir sé a lúireach uime dála fathaigh,agus a threalamh catha ina thimpeall.Throid sé cathannaagus chosain a shluaite le faobhar claímh.
4 Ba gheall le leon é ar éachtaí,agus le coileán leoin ag uallfartaigh sa tóir.
5 Chuir sé tóir ar na coirpigh agus ghabh iad.Chuir sé tine le lucht ciaptha a mhuintire.
6 Chúb coirpigh chucu le heagla roimhe,agus bhuail buaireamh is scéin lucht déanta an oilc.Bhí an rath ar an slánú faoina threoir.
7 Chuir sé gangaid i dtreo a lán ríthe,agus lúcháir ar Iacób lena bhearta.Tá beannacht ar a chuimhne go brách.
8 Ghabh sé trí chathracha Iúdáagus scrios sé na héagráifigh iontu.D'iompaigh sé an fhearg i leataobh ó Iosrael.
9 Chuaigh a cháil go himill na cruinne,agus chruinnigh sé le chéile an mhuintir a bhí ar tí a millte.