35 Bhí Lisias le harm a chur ina gcoinne le neart Iosrael agus iarmhar Iarúsailéim a scriosadh agus a mhilleadh agus a gcuimhne a scuabadh ar fad ón áit,
36 sliocht eachtrannach a phlandáil ina gcríocha go léir, agus a dtailte a roinnt ar chrainn.
37 Thug an rí an leath eile dá arm leis agus d'fhág Aintíoch, príomhchathair na ríochta, sa bhliain céad daichead a seacht. Chuaigh sé thar abhainn an Eofrataes agus ghabh trí na cúigí uachtaracha.
38 Thogh Lisias Ptoilimí mac Dhoramanaes agus Niocánór agus Goirgias, fir thábhachtacha i measc chairde an rí,
39 agus sheol daichead míle coisí agus seacht míle marcach faoina gceannas le dul isteach i dtír Iúdá agus é a scrios mar a d'ordaigh an rí.
40 Chuir siad chun bóthair lena bhfórsaí go léir agus shroich siad comharsanacht Amáus sna hísleáin agus shuigh siad a longfort ansiúd.
41 Nuair a chuala ceannaitheoirí na dúiche cérbh iad féin, thug siad leo raidhse óir agus airgid agus [geimhle] chomh maith, agus isteach leo sa longfort agus é ar intinn acu clann Iosrael a cheannach mar dhaoráin; bhí slua mór ón tSír agus ó thír na bhFilistíneach ina dteannta.