55 Ansin cheap Iúdás ceannasaithe ar an bpobal, ceannairí míle, ceannairí céad, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr.
56 Dúirt sé leis na daoine a bhí ag tógáil tithe, nó a bhí geallta le bean, nó ag cur fíonghort, agus le lucht an drochmhisnigh, dul abhaile, gach duine díobh, mar a deir an dlí.
57 Ansin ghluais an slua chun bóthair faoi eagar agus shuigh siad a longfort taobh theas d'Amáus.
58 Dúirt Iúdás: “Fáiscigí bhur gcrios faoi bhur gcoim agus déanaigí cion fir go cróga; bígí ullamh go moch amárach le cath a chur ar na págánaigh seo atá cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh d'fhonn sinn féin agus ár sanctóir a scriosadh.
59 Is fearr dúinn bás a fháil sa chath ná bheith ag faire ar ár gcine agus ar ár sanctóir á scriosadh.
60 Ach déanfaidh sé mar is toil leis ar neamh.”