12 Tar gan mhoill mar sin agus fuascail sinn as a lámha, mar tá a lán againn ar lár.
13 Cuireadh chun báis ár mbráithre go léir a bhí ag cur fúthu i gcríocha na dTúbach; tugadh a mná agus a leanaí i mbraighdeanas, fuadaíodh a maoin, agus díthíodh timpeall míle fear ansiúd.”
14 Fad bhí an litir fós á léamh, siúd chucu teachtairí eile ón nGailíl agus a gcuid éadaigh stróicthe, agus an scéala céanna acu;
15 go raibh muintir Ptolamais, na Tuíre, na Sídóine, agus muintir Ghailíl na nGinte, go léir cruinnithe ina n‑aghaidh “d'fhonn sinn a scriosadh”.
16 Nuair a chuala Iúdás agus an pobal na teachtaireachtaí sin, tionóladh cruinniú mór chun a shocrú céard ba chóir dóibh a dhéanamh dá ndeartháireacha a bhí i gcruachás agus a naimhde á n‑ionsaí.
17 Dúirt Iúdás lena dheartháir Síomón: “Bíodh do rogha de na fir agat agus téigh chun do bhráithre sa Ghailíl a shaoradh; rachaidh mise agus mo dheartháir Iónátán go Gileád.”
18 D'fhág sé Iósaef, mac Zachairias, agus Azairias, ceannaire an phobail, leis an gcuid eile den arm in Iúdáia, lena chosaint