13 Cuireadh chun báis ár mbráithre go léir a bhí ag cur fúthu i gcríocha na dTúbach; tugadh a mná agus a leanaí i mbraighdeanas, fuadaíodh a maoin, agus díthíodh timpeall míle fear ansiúd.”
14 Fad bhí an litir fós á léamh, siúd chucu teachtairí eile ón nGailíl agus a gcuid éadaigh stróicthe, agus an scéala céanna acu;
15 go raibh muintir Ptolamais, na Tuíre, na Sídóine, agus muintir Ghailíl na nGinte, go léir cruinnithe ina n‑aghaidh “d'fhonn sinn a scriosadh”.
16 Nuair a chuala Iúdás agus an pobal na teachtaireachtaí sin, tionóladh cruinniú mór chun a shocrú céard ba chóir dóibh a dhéanamh dá ndeartháireacha a bhí i gcruachás agus a naimhde á n‑ionsaí.
17 Dúirt Iúdás lena dheartháir Síomón: “Bíodh do rogha de na fir agat agus téigh chun do bhráithre sa Ghailíl a shaoradh; rachaidh mise agus mo dheartháir Iónátán go Gileád.”
18 D'fhág sé Iósaef, mac Zachairias, agus Azairias, ceannaire an phobail, leis an gcuid eile den arm in Iúdáia, lena chosaint
19 agus thug sé an t‑ordú seo dóibh: “Bíodh ceannas agaibh ar an bpobal ach ná cuirigí cath ar na págánaigh nó go bhfillfimid.”