20 Ceapadh trí mhíle fear do Shíomón don fheachtas chun na Gailíle, agus ocht míle do Iúdás do Ghileád.
21 Ghluais Síomón ar aghaidh isteach sa Ghailíl agus chuir a lán cathanna ar na págánaigh, agus bhris orthu go tubaisteach;
22 chuaigh sé sa tóir orthu go geata Ptolamais, agus thit timpeall trí mhíle fear díobh agus ghabh sé a gcreach.
23 Thug sé leis [Giúdaigh] na Gailíle agus Arbata, lena gcuid ban agus leanaí agus a maoin go léir; thug siad isteach in Iúdáia iad faoi lúcháir mhór.
24 Ghabh Iúdás Macabaech agus Iónátán a dheartháir thar an Iordáin agus mháirseáil siad turas trí lá tríd an bhfásach.
25 Bhuail siad leis na Nabataeigh; bhíodarsan síochánta leo agus d'insíodar dóibh gach ar tharla dá mbráithre i nGileád:
26 “Tá a lán acu,” ar siad, “teanntaithe i mBozrá agus i mBosor, in Alama, i Chasfó, i Macad, agus i gCarnaen” - cathracha móra daingne iadsan -