22 chuaigh sé sa tóir orthu go geata Ptolamais, agus thit timpeall trí mhíle fear díobh agus ghabh sé a gcreach.
23 Thug sé leis [Giúdaigh] na Gailíle agus Arbata, lena gcuid ban agus leanaí agus a maoin go léir; thug siad isteach in Iúdáia iad faoi lúcháir mhór.
24 Ghabh Iúdás Macabaech agus Iónátán a dheartháir thar an Iordáin agus mháirseáil siad turas trí lá tríd an bhfásach.
25 Bhuail siad leis na Nabataeigh; bhíodarsan síochánta leo agus d'insíodar dóibh gach ar tharla dá mbráithre i nGileád:
26 “Tá a lán acu,” ar siad, “teanntaithe i mBozrá agus i mBosor, in Alama, i Chasfó, i Macad, agus i gCarnaen” - cathracha móra daingne iadsan -
27 “agus tá a thuilleadh acu teanntaithe i mbailte eile Ghileád; tá sé beartaithe ag an namhaid na dúnta sin a ionsaí amarach, agus an mhuintir go léir iontu a scrios san aon lá amháin.”
28 Chas Iúdás agus a fhórsaí i leataobh ar feadh bhealach an fhásaigh go Bozrá; ghabh sé an chathair agus chuir gach mac máthar chun báis le faobhar claímh, chreach an chathair go léir agus chuir trí thine í.