28 Chas Iúdás agus a fhórsaí i leataobh ar feadh bhealach an fhásaigh go Bozrá; ghabh sé an chathair agus chuir gach mac máthar chun báis le faobhar claímh, chreach an chathair go léir agus chuir trí thine í.
29 D'fhág sé an áit sin i gcoim na hoíche, agus leanadar orthu ar aghaidh go dtáinig siad chomh fada le dún [Dhatama].
30 Le breacadh an lae d'ardaíodar a súile agus b'shiúd mathshlua mór nárbh fhéidir a áireamh, ag cur dréimirí agus innill i bhfearas chun an dún a ghabháil; bhí ag tosú ar an ruathar.
31 Chonaic Iúdás go raibh tús curtha leis an gcath agus go raibh gáir na cathrach á cur suas chun neimhe le macalla an stoic agus na béicíola;
32 agus dúirt sé leis na fir ina bhuíon: “Troidigí inniu ar son bhur mbráithre.”
33 Ansin roinn sé iad ina dtrí díormaí agus d'ionsaigh sé iad i leith a gcúil le stoic á séideadh agus urnaithe á gcur suas acu in ard a gcinn.
34 Nuair a thuig arm Thiomóid gurbh é an Macabaech a bhí ann, theith siad roimhe agus bhris sé go trom orthu; thit timpeall ocht míle fear díobh an lá sin.