36 Chuaigh sé ar aghaidh ón áit sin agus ghabh Chasfó, Macad, Bosor agus cathracha eile Ghileád.
37 Tar éis na n‑imeachtaí sin bhailigh Tiomóid fórsa eile agus shuigh a longfort os comhair Rafón ar an taobh thall den ghleann.
38 Chuir Iúdás gasra uaidh chun taiscéalaíocht a dhéanamh ar an longfort agus thángadar ar ais le scéala chuige: “Tá págánaigh go léir na dúiche timpeall orainn cruinnithe chuige; fórsa an-tréan iad anois.
39 Tá amhais Arabacha mar thaca acu; tá a longfort suite acu lastall den ghleann agus tá siad réidh le cath a chur ort.” Chuaigh Iúdás ar aghaidh ina gcoinne.
40 Nuair a bhí Iúdás agus a shluaite ag druidim le sileán an uisce, dúirt Tiomóid le ceannairí an fhórsa: “Má thagann seisean anall chugainne ar dtús ní féidir linn cur ina choinne, mar beidh an buntáiste aige orainn.
41 Ach má bhíonn drochmhisneach air agus go suíonn sé a longfort ar an taobh eile den abhainn, rachaimidne anonn chuige agus beidh an buntáiste againne airsean.”
42 A luaithe a tháinig Iúdás go sileán an uisce, chóirigh sé scríobhaithe an phobail ar feadh an tsileáin is thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná ligigí d'aon duine campa a shuíomh, ach téidís go léir chun catha.”