43 Ansin ghabh sé féin anonn chucu ar an gcéad duine agus an pobal go léir ina dhiaidh. Briseadh ar na págánaigh go léir roimhe agus chaith siad uathu a n‑airm, agus theith go tearmann naofa Charnaen.
44 Ghabh [na Giúdaigh] an chathair, agus chuir siad an tearmann naofa agus gach a raibh ann trí thine. Scriosadh Carnaen ar an gcuma sin, agus níor fhéad an namhaid an fód a sheasamh a thuilleadh in aghaidh Iúdáis.
45 Ansin chruinnigh Iúdás na hIosraelaigh go léir a bhí ag cur fúthu i nGileád, idir bheag agus mhór, agus a mná agus a leanaí agus a maoin, slua an-mhór, le dul go tír Iúdá.
46 Tháinig siad chomh fada le hEafrón; cathair mhór láidir í seo, suite i lár an bhealaigh agus í cóirithe go daingean; níorbh fhéidir dóibh gabháil thairsti ar dheis ná ar chlé, ach gabháil cruinn díreach tríthi.
47 Chuir muintir na cathrach bac orthu dul isteach, ámh, agus dhaingnigh siad na geataí ina n‑aghaidh le clocha.
48 Chuir Iúdás teachtaireacht mhuinteartha mar seo chucu: “Ligigí dúinn gabháil trí bhur gcríocha ar ár mbealach chun ar gcríoch féin; ní chuirfidh aon duine isteach oraibh, ní dhéanfaimid ach gabháil ar aghaidh de chois.” Ach ní raibh siad sásta oscailt dó.
49 Ansin d'ordaigh Iúdás a fhógairt don slua gach duine a fhanacht mar a raibh aige.