54 Ghabh siad Cnoc Shíón suas faoi lúcháir agus áthas, agus d'ofráil siad íobairtí uileloiscthe mar gur fhill siad slán folláin gan duine a chailliúint.
55 Fad a bhí Iúdás agus Iónátán i nGileád agus Síomón a dheartháir sa Ghailíl os comhair Ptolamais,
56 chuala Iósaef, mac Zacairias, agus Azairias, ceannairí an airm, faoina n‑éachtaí agus faoin gcogadh a d'fhear siad,
57 agus dúirt siad: “Tuillimisne ainm in airde dúinn féin chomh maith, agus téimis agus cuirimis cogadh ar na págánaigh inár dtimpeall.”
58 Thug siad orduithe do mhuintir an airm a bhí ina dteannta agus mháirseáil siad i gcoinne Iaimnía.
59 Tháinig Goirgias agus a shluaite amach as an gcathair ina gcoinne, chun catha a chur orthu.
60 Briseadh ar Iósaef agus ar Azairias, agus cuireadh an teitheadh orthu chomh fada le teorainneacha Iúdáia. Thit timpeall dhá mhíle fear de mhuintir Iosrael an lá úd.