61 Briseadh go tubaisteach ar an bpobal an lá sín mar níor thugadar aird ar Iúdás agus ar a dheartháireacha ach iad á mheas go ndéanfaidís féin gaisce.
62 Ní raibh iontu dúchas na bhfear úd ar cuireadh fuascailt Iosrael faoina gcúram.
63 Bhí an fear úd Iúdás agus a dheartháireacha faoi ardmheas in Iosrael go léir agus i measc na bpágánach, cibé áit ina raibh a gcáil le cloisteáil.
64 Bhailigh daoine chucu lena móradh.
65 Ansin ghluais Iúdás agus a dheartháireacha amach agus chuir siad cogadh ar shliocht Éasau sa dúiche ó dheas; ghabh sé Heabrón agus a bhruachbhailte de ruathar; leag sé a dhaingne agus chuir na túir a bhí ina thimpeall trí thine.
66 D'imigh sé leis ansin isteach i dtír na bhFilistíneach agus ghabh trí Mhairise.
67 Thit roinnt sagart sa chath an lá sin le teann fearaíochta mar go ndeachaigh siad chun troda le barr díth céille.