1 Chuala Iúdás dea-cháil na Rómhánach, go rabhadar an-láidir agus go raibh dea-thoil acu do gach duine a rinne conradh leo, agus gur mhian leo cairdeas a dhéanamh le gach duine a thiocfadh faoina ndéin (agus go rabhadar an-láidir).
2 D'inis daoine dó faoina gcogaí, faoi na héachtaí a bhí á ndéanamh acu i measc na nGailleach, conas mar a chloígh siad iad agus a chuir siad faoi cháin iad;
3 faoina raibh déanta acu i dtír na Spáinne le seilbh a fháil ar na mianaigh airgid agus óir ansiúd;
4 conas mar a fuair siad smacht ar an dúiche go léir le neart pleanála agus foighne, d'ainneoin a fhad ó bhaile uathu; conas mar a tháinig ríthe ó imill na cruinne le hiad a ionsaí, agus gur cheansaigh agus gur chloígh siad iad agus gur bhris orthu go tubaisteach, agus conas mar a bhí an chuid eile ag díol cánach leo gach bliain.
5 Pilib agus Peirséas, rí na gCitím, agus daoine eile a d'éirigh amach ina gcoinne, bhris siad orthu ar pháirc an chatha agus chuir faoi chois iad.
6 Chloígh siad freisin Aintíochas Mór, rí na hÁise, a chuir cath orthu le céad agus a fiche eilifint, le marcshlua agus le harm an-láidir; bhasc siad é.