14 Dá ainneoin sin go léir, níor chuir aon duine díobh coróin ar a cheann ná fallaing chorcra uime le barr éirí in airde.
15 Ach bhunaigh siad seanad dóibh féin, agus gach lá bíonn trí chéad agus a fiche seanadóirí ag plé conas is fearr a dhéanfaidís an pobal a riaradh.
16 Cuireann siad an rialtas i muinín aon duine amháin ar feadh bliana sa turas, agus bíonn rialú na tíre go léir faoina chúram; géilleann siad go léir don aon duine amháin agus níl éad ná formad ina measc.
17 Thogh Iúdás Eapolamos mac Eoin, mac Acós, agus Iasón mac Eileázár, agus chuir don Róimh iad le cairdeas agus conradh a dhéanamh,
18 agus iad féin a scaoileadh ó chuing na daoirse, mar go bhfaca siad go raibh ríocht na nGréagach ag leagan cuing na daoirse go trom ar Iosrael.
19 Rinne na toscairí an t‑aistear an-fhada go dtí an Róimh, chuaigh isteach i láthair an tseanaid agus labhair mar leanas:
20 “Chuir Iúdás Macabaech agus a dheartháireacha agus an pobal Giúdach sinn chugaibh le conradh agus síocháin a dhéanamh libh agus le go nglacfaí linn ar liosta bhur gcomhghuaillithe agus bhur gcairde.”