24 Má chuirtear cogadh ar dtús ar an Róimh nó ar aon cheann dá comhghuaillithe ar fud na himpireachta ar fad,
25 troidfidh an cine Giúdach lena gcroídhícheall leo de réir mar a éileoidh an cás orthu.
26 Ní thabharfaidh siad ná ní sholáthróidh siad grán ná airm ná airgead ná loingeas don namhaid a bhíonn ag fearadh cogaidh; sin mar a chinn an Róimh, agus ní foláir dóibh a ndualgais a chomhlíonadh gan aon ní dá mbarr.
27 Ar an gcuma chéanna, má chuirtear cogadh ar dtús ar an gcine Giúdach, troidfidh na Rómhánaigh gualainn leo le fonn, de réir mar a éileoidh an cás orthu.
28 Ní thabharfar grán ná airm ná airgead ná loingeas do na comhghuaillithe namhadmhara; sin mar a chinn an Róimh, agus ní foláir dóibh a ndualgais a chomhlíonadh gan aon ní dá mbarr.
29 Ar na coinníollacha sin rinne na Rómhánaigh conradh mar sin leis an bpobal Giúdach.
30 Tar éis na coinníollacha sin a theacht i bhfeidhm, má bheartaíonn an dá thaobh ar bhreis a chur leo, nó baint uathu, beidh an cead sin acu, agus beidh an bhreis nó an laghdú bailí.”