29 Ar na coinníollacha sin rinne na Rómhánaigh conradh mar sin leis an bpobal Giúdach.
30 Tar éis na coinníollacha sin a theacht i bhfeidhm, má bheartaíonn an dá thaobh ar bhreis a chur leo, nó baint uathu, beidh an cead sin acu, agus beidh an bhreis nó an laghdú bailí.”
31 “Agus maidir leis na héagóracha atá á n‑imirt ag an rí Déimitrias orthu, scríobhamar chuige mar leanas: ‘Cén fáth ar leag tú cuing chomh trom ar ár gcairde agus ar ár gcomhghuaillithe na Giúdaigh?
32 Má iarrann siad cabhair arís i do choinne, déanfaimid a gcearta a chosaint agus cogadh a chur ort ar muir agus ar tír.’ ”