9 Insíodh dó conas mar a bheartaigh na Gréagaigh dul ina gcoinne agus iad a scriosadh,
10 ach go bhfuair [na Rómhánaigh] gaoth an fhocail, agus gur chuir siad aon cheannasaí amháin ina gcoinne agus chuir cogadh orthu; go ndearna siad ár agus eirleach orthu agus gur ghabh siad a mná agus a leanaí ina mbránna, gur chreach siad a maoin, gur chuir a dtír faoi chois, gur leag a ndaingin ar lár, agus gur chuir faoi chuing na daoirse iad go dtí an lá inniu féin.
11 Na ríochtaí agus na hoileáin eile, aon chuid díobh a chuir riamh ina gcoinne, rinne siad iad a scrios agus a chur faoi dhaoirse.
12 Ach maidir lena gcairde agus leis an muintir a bhíonn ag brath orthu, mhair siad i gcónaí cairdiúil leo. Chuir siad ríthe i gcéin agus i gcóngar faoi smacht agus chuir siad scéin ar gach ar chuala a dtásc.
13 An dream ar mian leo cabhrú leo agus go suífidís i ríchathaoir, suíonn siad inti; an dream is mian leo a dhíbirt aisti, díbrítear iad. Tá an cheannasaíocht acu go daingean.
14 Dá ainneoin sin go léir, níor chuir aon duine díobh coróin ar a cheann ná fallaing chorcra uime le barr éirí in airde.
15 Ach bhunaigh siad seanad dóibh féin, agus gach lá bíonn trí chéad agus a fiche seanadóirí ag plé conas is fearr a dhéanfaidís an pobal a riaradh.