16 Nuair a chonaic an mhuintir ar an eite chlé go raibh briste ar an eite dheas, d'iompaigh siad agus lean go dlúth ar a sála ar Iúdás agus ar a chuid fear.
17 Ghéaraigh go dásachtach ar an gcath agus goineadh agus treascradh a lán ar gach taobh.
18 Thit Iúdás féin agus theith an chuid eile.
19 Thóg Iónátán agus Síomón a ndeartháir leo ansin agus rinne siad é a adhlacadh i dtuama a sinsear i Móidín,
20 agus chaoin siad é. Agus rinne Iosrael go léir é a chaoineadh go dubhach; mhair an caoineadh mórán laethanta, agus deiridís:
21 “Cad é mar a thit an gaiscíoch, an té a d'fhuascail Iosrael!”
22 An chuid eile de bhearta Iúdáis, a chogaí agus na gníomhartha gaisce a rinne sé, agus a thábhacht, níl siad scríofa, mar ba líonmhar iad.