2 Ghabh siad an bóthar [chun na Gailíle] agus chuir siad léigear ar Maesalót in Arbaelá, agus ghabh é agus mharaigh a lán.
3 Sa chéad mhí den dara bliain ar chaoga ar chéad, shuigh siad a longfort os comhair Iarúsailéim.
4 Ansin chuir siad chun bóthair agus chuaigh go Beireá le fiche míle troitheach agus dhá mhíle marcach.
5 Bhí a champa suite ag Iúdás in Ealasa agus trí mhíle de thogha na bhfear in éineacht leis.
6 Nuair a chonaic siad sluaite líonmhara an namhad, tháinig scéin orthu agus d'éalaigh mórán acu ón gcampa i dtreo nár fágadh ach ocht gcéad díobh.
7 Nuair a chonaic Iúdás gur shleamhnaigh a arm ar shiúl uaidh, agus go raibh cath á bhagairt air, thit an lug ar an lag aige, mar ní raibh sé d'uain aige iad a thionól.
8 Ach cé go raibh suaitheadh air, dúirt sé leis an muintir a bhí fágtha: “Ar aghaidh linn agus tugaimis faoinár naimhde. B'fhéidir go bhféadfaimis cath a chur orthu.”