27 Tharla leatrom géar dá bhrí sin in Iarúsailéim, nach raibh a leithéid ann ó bhí deireadh ag fáidh a bheith ar fáil ina measc.
28 Chruinnigh cairde Iúdáis le chéile ansin agus dúradar le Iónátán:
29 “Ó fuair do dheartháir Iúdás bás, níl aon duine beo mar é le cur in aghaidh ár naimhde agus Bhacaídéas, agus le déileáil le lucht ár bhfuatha ar ár gcine féin.
30 Thoghamar dá réir sin thusa inniu, más ea, le bheith mar cheannasaí agus mar threoraí lenár gcogadh a fhearadh.”
31 Ghlac Iónátán leis an gceannasaíocht ar an ócáid sin agus thóg sé áit Iúdáis, a dheartháir.
32 Fuair Bacaídéas é sin amach agus rinne sé iarracht ar é a mharú.
33 Ach chuala Iónátán agus Síomón agus a lucht tacaíochta go léir faoi agus theith siad go fásach Theacóá agus shuíodar a longfort ag uisce Shistéal Asfar.