30 Thoghamar dá réir sin thusa inniu, más ea, le bheith mar cheannasaí agus mar threoraí lenár gcogadh a fhearadh.”
31 Ghlac Iónátán leis an gceannasaíocht ar an ócáid sin agus thóg sé áit Iúdáis, a dheartháir.
32 Fuair Bacaídéas é sin amach agus rinne sé iarracht ar é a mharú.
33 Ach chuala Iónátán agus Síomón agus a lucht tacaíochta go léir faoi agus theith siad go fásach Theacóá agus shuíodar a longfort ag uisce Shistéal Asfar.
34 (Fuair Bacaídéas é sin amach ar an tsabóid agus ghabh sé féin agus a arm go léir thar Iordáin anonn.)
35 Sheol [Iónátán] a dheartháir, a bhí i gceannas an tslua, lena impí ar na Nabataeigh, a chairde, cead a thabhairt dóibh a mbagáiste raidhsiúil a chur i dtaisce ina measc.
36 Ach tháinig clann Iambraí ó Mhaedabá amach agus ghabh siad Eoin agus a raibh aige, agus rug leo iad.