38 Chuimhníodar ar fhuil Eoin a ndeartháir agus ghabhadar suas agus chuadar i bhfolach faoi scáth an tsléibhe.
39 Ag faire dóibh ansiúd, b'shiúd ag gabháil an treo slua mór lena lán bagáiste; tháinig an céile fir amach faoina ndéin, lena chairde agus lena ghaolta, le bodhráin agus banna ceoil agus a lán arm.
40 Ansin rinne siad ruathar ina n‑aghaidh óna luíochán agus rinne ár orthu agus thit a lán acu, agus theith an chuid eile chun an chnoic, agus gabhadh a maoin go léir.
41 Rinneadh caoineadh dá bhrí sin de bhainis agus olagón de ghlór na gceoltóirí.
42 Rinne siad fuil a ndearthár a dhíolt go hiomlán agus d'fhill siad ar bhogach na Iordáine.
43 Nuair a fuair Bacaídéas é sin amach, tháinig sé ar an tsabóid le fórsa láidir go bruacha géara na Iordáine.
44 Agus dúirt Iónátán leo siúd a bhí in éineacht leis: “Ar aghaidh linn agus troidimis lenár n‑anam, mar ní ionann an scéal inniu agus roimhe seo.