4 Ansin chuir siad chun bóthair agus chuaigh go Beireá le fiche míle troitheach agus dhá mhíle marcach.
5 Bhí a champa suite ag Iúdás in Ealasa agus trí mhíle de thogha na bhfear in éineacht leis.
6 Nuair a chonaic siad sluaite líonmhara an namhad, tháinig scéin orthu agus d'éalaigh mórán acu ón gcampa i dtreo nár fágadh ach ocht gcéad díobh.
7 Nuair a chonaic Iúdás gur shleamhnaigh a arm ar shiúl uaidh, agus go raibh cath á bhagairt air, thit an lug ar an lag aige, mar ní raibh sé d'uain aige iad a thionól.
8 Ach cé go raibh suaitheadh air, dúirt sé leis an muintir a bhí fágtha: “Ar aghaidh linn agus tugaimis faoinár naimhde. B'fhéidir go bhféadfaimis cath a chur orthu.”
9 Ach rinne siadsan iarracht ar a mhalairt a áiteamh air, á rá: “Ní fhéadfaimis é, ach teithimis lenár n‑anam an turas seo, agus tiocfaimid ar ais lenár ndeartháireacha agus cuirfimid cath orthu; níl ach an beagán dínn ann.”
10 Ach dúirt Iúdás: “I bhfad uainn a leithéid a dhéanamh, teitheadh uathu. Má tháinig ár n‑uain, faighimis bás go cróga ar son ár ndeartháireacha, gan smál a fhágáil ar ár gclú.”