53 Ghabh sé clann mhac ceannairí na tíre ina ngialla agus chuir faoi gharda iad sa Dúnfort in Iarúsailéim.
54 Sa bhliain céad caoga a trí, sa dara mí, thug Alcamas ordú balla chúirt inmheánach an tsanctóra a leagan agus saothar na bhfáithe a scriosadh. Ní raibh ach tús curtha aige leis an scrios
55 nuair a bhuail taom Alcamas agus cuireadh stop lena shaothar. Fuair sé poc sa bhéal agus d'fhág an phairilis balbh ar fad é i dtreo nach bhféadfadh sé labhairt ar aon chor ná treoracha a thabhairt i dtaobh a theaghlaigh.
56 Fuair Alcamas bás ansin agus é i bpian mhór.
57 Nuair a chonaic Bacaídéas go raibh Alcamas tar éis bháis, d'fhill sé ar ais go dtí an rí agus bhí síocháin ag tír Iúdá ar feadh dhá bhliain.
58 Ansin rinne na coirpigh go léir comhcheilg agus dúirt: “Féach! Tá Iónátán agus a lucht tacaíochta ag maireachtáil go síochánta gan imní. Tugaimis Bacaídéas ar ais mar sin agus gabhfaidh sé iad go léir san aon oíche amháin.”
59 Agus chuadar chuige agus chinn siad comhairle leis.