65 Ach d'fhág Iónátán a dheartháir Síomón sa chathair, agus d'imigh sé féin amach faoin tuath, agus gan ach beagán fear in éineacht leis.
66 Rinne sé fogha faoi Odomaera agus a bhráithre, agus faoi chlann mhac Fasarón, ina mbothanna, agus chromadarsan freisin ar [an namhaid a] ionsaí agus aontú lena fhórsaí.
67 Rinne Síomón agus a chuid fear ruathar ón gcathair agus chuir siad na hinnill trí thine.
68 Chuir siad cath ansin ar Bhacaídéas agus bhris siad air. Rinne siad é a bhuaireanh go mór mar go raibh a phlean agus a fheachtas curtha amú.
69 Tháinig racht feirge air leis na coirpigh a chomhairligh dó dul isteach sa tír, agus mharaigh sé a lán díobh agus bheartaigh sé ansin imeacht go dtí a thír féin.
70 Fuair Iónátán é sin amach agus chuir sé teachtaí chuige le síocháin a dhéanamh leis agus go dtabharfadh sé na cimí ar ais.
71 D'aontaigh sé leis sin agus rinne beart de réir a bhriathair, agus thug a mhionn dó nach ndéanfadh sé iarracht ar dhíobháil a dhéanamh dó i gcaitheamh a shaoil go léir.