11 Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”
12 Lean sí uirthi ag guí i láthair an Tiarna agus bhí Éilí ag breathnú ar a béal,
13 mar bhí Hanná ag labhairt ina croí agus a beola ag corraí ach gan aon ghlór le cloisteáil. Shíl Éilí dá bhrí sin go raibh sí ar meisce
14 agus dúirt sé léi: “An fada a bheidh tú ar meisce? Cuir uait do chuid fíona.”
15 D'fhreagair Hanná: “Ní amhlaidh atá agam, a mháistir,” ar sí, “ach is bean mé ar a bhfuil an-doilíos croí. Níor ól mé fíon ná deoch chrua ach bhí m'anam á dhoirteadh amach agam i láthair an Tiarna.
16 Ná bí á cheapadh gur bean táir mé; mar i rith an achair is amhlaidh a bhí mé ag cásamh le barr bróin agus buairimh.”
17 D'fhreagair Éilí ansin: “Imigh faoi shíocháin, agus go dtuga Dia Iosrael duit ar iarr tú air.”