1 Samúéil 14 ABN

Ionsaí Iónátán

1 Dúirt Iónátán mac Shóil le fear iompair a airm lá: “Téanam anonn go dtí an garastún Filistíneach [sa bhealach],” ach ní dúirt sé aon ní lena athair.

2 Bhí Sól in imeall Ghibeá, ina shuí faoin gcrann pomagránaite atá [ag an urlár buailte]. Bhí timpeall sé chéad fear ina chuideachta.

3 Bhí Aichíá mac Aichiteob, deartháir Í Cávód, mac Phíneachás, mac Éilí, sagart an Tiarna i Sileo, ann agus an t‑éafód á chaitheamh aige. Ní raibh a fhios ag an slua go raibh Iónátán imithe.

4 Bhí splinc charraige ar thaobh agus splinc charraige ar an taobh eile den bhealach trína raibh Iónátán ag iarraidh dul anonn go dtí an garastún Filistíneach. Bhí Bózaez ar cheann acu agus Seine ar an gceann eile.

5 Tá an chéad splinc ag gobadh amach ar an taobh thuaidh os comhair Mhicmeáis, agus an dara ceann laisteas os comhair Gheaba.

6 Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”

7 Dúirt fear iompair a airm: “Déan mar a chuireann do chroí in iúl duit. Maidir liomsa, tá mo chroí leat.”

8 Ansin dúirt Iónátán: “Féach, rachaimid anonn go dtí na daoine seo, agus ligfimid dóibh sinn a fheiceáil.

9 Má deir siad linn: ‘Fanaigí mar a bhfuil sibh go dtéimidne chugaibh,’ fanfaimid mar a bhfuilimid gan dul suas chucu.

10 Ach má deir siad: ‘Tagaigí aníos chugainn,’ rachaimid suas mar bheidh sé sin ina chomhartha gur thug an Tiarna inár lámha dúinn iad.”

11 Ligeadar araon do gharastún na bhFilistíneach iad a fheiceáil; dúirt na Filistínigh: “Seo amach na hEabhraigh as na poill ina raibh siad i bhfolach.”

12 Chuir lucht an gharastúin forrán ansin ar Iónátán agus ar fhear iompair a airm: “Tagaigí aníos chugainn,” ar siad, “tá rud éigin le rá againn libh.” Dúirt Iónátán lena fhear iompair airm: “Lean suas mé; thug an Tiarna ar láimh Iosrael iad.”

13 Ghabh Iónátán suas ar lámhacán, agus a fhear iompair airm ina dhiaidh. Thiteadar siúd roimh Iónátán agus tháinig a fhear iompair airm ina dhiaidh, agus mharaigh sé iad.

14 Sa chéad ár a chuir Iónátán agus a fhear iompair airm thit timpeall fiche fear i bhfad leathiomaire in acra talún.

Cath

15 Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.

16 Chonaic farairí Shóil i nGibeá Bhiniáimin an campa á scaipeadh i ngach treo.

17 Dúirt Sól ansin leis an dream a bhí ina theannta: “Comhairigí anois agus féachaigí cé atá imithe uainn.” Rinneadh an comhaireamh agus bhí Iónátán agus fear iompair a airm in easnamh.

18 Dúirt Sól ansin le hAichíá: “Tabhair an [t‑éafód] anseo” - mar eisean a d'iompraíodh an [t‑éafód] i láthair Iosrael.

19 Fad a bhí Sól ag caint leis an sagart d'éirigh an callán i gcampa na bhFilistíneach níos measa agus níos measa, agus dúirt Sól leis an sagart; “Tarraing siar do lámh.”

20 Ansin chuir Sól agus an mhuintir a bhí in éineacht leis iad féin in eagar agus chuadar chun an chatha; ansiúd bhí gach duine ag díriú a chlaímh ar a chéile agus bhí sé ina chíor thuathail.

21 Fiú na hEabhraigh a chuaigh i seirbhís na bhFilistíneach roimhe sin, agus a ghabh suas leo go dtí an campa, ghabhadar leis na hIosraelaigh a bhí le Sól agus le Iónátán.

22 Na hIosraelaigh go léir a bhí i bhfolach in ardáin Eafráim, nuair a chuala siad go raibh na Filistínigh ag teitheadh, chuadar go dian sa tóir orthu sa chath.

23 D'fhuascail an Tiarna Iosrael an lá sin agus ghabh an troid anonn thar Bhéit [Horón].

24 Chuir [Sól troscadh dian] i bhfeidhm an lá sin agus chuir an pobal faoi mhionn á rá: “Mallacht ar an té a íosfaidh greim bia roimh thráthnóna, sula ndéanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde.” Níor bhlais aon duine den phobal greim.

25 [Bhí cíor mheala ar an talamh ar an mbán,]

26 ach nuair a tháinig na daoine chomh fada léi, [cé go raibh an tsaithe imithe,] níor chuir aon duine lámh chun a bhéil, le heagla an mhionna.

27 Ach níor chuala Iónátán a athair ag cur an phobail faoi bhrí an mhionna, agus shín sé barr an bhata a bhí ina ghlaic agus thum sa chíor é agus chuir a lámh chun a bhéil, agus tháinig preab ina shúile.

28 Ansin labhair duine den phobal: “Chuir d'athair,” ar sé, “an pobal go docht faoi bhrí mionna á rá go mbeadh mallacht ar an té a d'íosfadh greim inniu” (agus bhí lagaíocht ar an bpobal).

29 D'fhreagair Iónátán: “Rinne m'athair dochar don tír; féach nach mó an phreab atá i mo shúile anois mar gur ith mé an bhéalóg mheala sin?

30 Agus, dála an scéil, nárbh fhearr go mór é dá n‑íosfadh an pobal a ndóthain inniu as an gcreach a thógadar óna naimhde? Ní mor an t‑ár a cuireadh ar na Filistínigh.”

31 Phleancadar na Filistínigh an lá sin ó Mhicmeáis go hAiálón nó go raibh an pobal tnáite traochta.

32 Ansin thugadar faoin gcreach agus rugadar ar chaoirigh, daimh agus laonna, agus mharaíodar ansiúd ar an talamh iad agus d'alpadar iad fuil agus uile.

33 Chuala Sól an scéal sin: “Féach,” ar siad, “tá an pobal ag déanamh peaca in aghaidh an Tiarna ag ithe idir fhuil agus uile.” D'fhreagair sé: “Rinne sibh feall; déanaigí cloch mhór a bhurláil [anseo i leith] chugam.”

34 Lean sé air ansin: “Imígí faoin slua agus abraigí leo: ‘Tugadh gach duine agaibh a dhamh nó a chaora agus maraídís anseo iad, gan peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna le bheith á n‑ithe fuil agus uile.’ ” Thug gach duine den phobal a dhamh leis an oíche sin agus mharaíodar ansiúd iad.

35 Thóg Sól altóir don Tiarna; ba í sin an chéad altóir a thóg sé don Tiarna.

Anacal ar Iónátán

36 Dúirt Sól ansin: “Téimis síos i gcoim na hoíche agus déanaimis tóir agus creach ar na Filistínigh go breacadh an lae; ná fágaimis fear inste scéil.” “Déan mar is áil leat,” ar siad. Ach dúirt an sagart: “Téimis faoi dhéin Dé anseo.”

37 Lorg Sól comhairle ar Dhia: “An rachaidh mé síos ar thóir na bhFilistíneach? An dtabharfaidh tú ar láimh d'Iosrael iad?” Ach freagra níor thug sé dó an lá sin.

38 Ansin dúirt Sól: “Tagaigí anseo, a cheannairí uile an phobail; agus déanaigí a scrúdú agus a iniúchadh conas a tharla an peaca seo inniu.

39 Dar an Tiarna beo a thugann an bua d'Iosrael, fiú más do Iónátán mo mhac a tharla sé, cuirfear chun báis é, cuirfear sin.” Ach ní raibh fear ar an bpobal ar fad a thabharfadh freagra air.

40 Dúirt sé ansin le hIosrael go léir: “Seasaigí sibhse ar thaobh amháin, agus seasóidh mise agus mo mhac Iónátán ar an taobh eile.” Dúirt an pobal le Sól: “Déan mar is áil leat.”

41 Dúirt Sól ansin: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth nár thug tú freagra ar do shearbhónta inniu? Más ormsa agus ar mo mhac Iónátán atá an locht, a Dhia Iosrael, tabhair Úirím; más ar phobal Iosrael atá an locht, tabhair Tuimím.” Thit an crann ar Shól agus Iónátán agus d'imigh an pobal saor.

42 Dúirt Sól: “Caith an crann idir mise agus mo mhac Iónátán.” Thit an crann ar Iónátán.

43 Dúirt Sól le Iónátán ansin: “Inis dom a bhfuil déanta agat.” “Ní dhearna mé,” arsa Iónátán, “ach béalóg mheala a ithe de bharr mo bhata a bhí i mo ghlaic agam. Seo anseo mé anois réidh don bhás.”

44 Dúirt Sól: “Go ndéana Dia seo agus siúd liom, agus a thuilleadh de bhreis air, mura bhfaigheann tú bás, a Iónátán.”

45 Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d'Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.

46 Bheartaigh Sól scor den tóir ar na Filistínigh, agus d'fhill na Filistínigh ar a ndúiche féin.

Coimre

47 Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh - i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige].

48 Rinne sé ghníomhartha gaile agus gaisce. Bhuaigh sé ar na hAmailéicigh agus d'fhuascail sé Iosrael ó lámha lucht a scriosta.

49 Ba iad Iónátán agus Ísví agus Mailcíosú clann mhac Shóil. Siad na hainmneacha a bhí ar a bheirt iníon: Méarab ar an sinsear agus Míceal ar an sóisear.

50 Aichíonoam a bhí ar a bhean, iníon Aichímeáz. Aibnéar mac Néar a ba ainm dá thaoiseach airm; uncail do Shól eisean.

51 Mic do Aibiéil ab ea Cís athair Shóil agus Néar athair Aibnéar.

52 Bhí cogadh fíochmhar ar siúl in aghaidh na bhFilistíneach i gcaitheamh ré Shóil ar fad. Aon tréanfhear nó gaiscíoch dá bhfeicfeadh sé, ghlacadh sé chun a sheirbhíse féin é.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31