1 Samúéil 12 ABN

Aitheasc Deiridh Shamúéil

1 Dúirt Samúéil le hIosrael go léir: “Féach! rinne mé gach ar iarr sibh orm go dílis agus cheap mé rí oraibh.

2 As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m'óige go dtí an lá inniu.

3 Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m'aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d'aon duine? Ar bhain mé a asal d'aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.”

4 “Ní dhearna tú éagóir ná leatrom orainn,” ar siad, “ná níor ghlac tú le breab ó aon duine.”

5 Dúirt sé leo: “Nach finné é an Tiarna in bhur n‑aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?” “Sea, is finné é,” ar siad.

6 Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é].

7 Fanaigí socair in bhur seasamh ansin dá bhrí sin nó go ndéanfaidh mé áiteamh libh i láthair an Tiarna agus go gcuirfidh mé i gcuimhne daoibh na héachtaí slánaithe go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe libh féin, agus ar mhaithe le bhur sinsir.

8 Nuair a tháinig Iacób isteach san Éigipt [agus go ndearna na hÉigiptigh leatrom orthu], ghlaoigh bhur sinsir ar an Tiarna agus sheol sé Maois agus Árón chucu. Thugadarsan bhur sinsir as an Éigipt amach agus chuireadar chun cónaithe san áit seo iad.

9 Ansin rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, agus reic seisean iad isteach i lámha Shíseará, taoiseach airm Házór. Agus chomh maith i lámha na bhFilistíneach agus rí Mhóáb a bhí ag troid ina n‑aghaidh.

10 Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”

11 Ansin sheol an Tiarna Iarubál, Bárác, Iaftá agus Samúéil. D'fhuascail sé sibh ó chumhacht bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mhair sibh gan bhaol.

12 Nuair a chonaic sibh Nácháis rí na nAmónach ag teacht do bhur n‑ionsaí, dúirt sibh liom: ‘Ní hea, ní foláir rí a bheith ag rialú orainn,’ cé gurbh é an Tiarna bhur nDia ba rí oraibh.

13 Anois más ea, seo é an rí a thogh sibh (agus a d'iarr sibh). Cheap an Tiarna rí oraibh.

14 Má thugann sibh urraim agus ómós don Tiarna agus géilleadh dá ghlór, agus gan ceannairc a dhéanamh i n‑aghaidh aithne an Tiarna, agus má leanann sibh féin agus an rí atá ag rialú oraibh, an Tiarna bhur nDia, beidh gach ní ina cheart.

15 Ach in ionad géilleadh do ghlór an Tiarna, má dhéanann sibh ceannairc in aghaidh a aithne, beidh a lámh in bhur n‑aghaidh agus in aghaidh bhur [rí].

16 Fanaigí in bhur seasamh ansin dá bhrí sin agus fairigí an t‑iontas mór a dhéanfaidh an Tiarna os comhair bhur súl.

17 Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d'iarr sibh rí daoibh féin.”

18 Ghuigh Samúéil chun an Tiarna ansin agus sheol an Tiarna toirneach agus fearthainn an lá sin, agus bhí an pobal go léir lán d'urraim don Tiarna agus do Shamúéil.

19 Agus dúirt an pobal go léir le Samúéil: “Guigh an Tiarna do Dhia ar mhaithe le do shearbhóntaí, d'fhonn nach bhfaighimis bás, óir, mar bharr ar ár bpeacaí go léir, rinneamar an choir seo rí a iarraidh dúinn féin.”

20 Agus dúirt Samúéil leis an bpobal: “Ná bíodh eagla oraibh. Rinne sibh na cionta seo go léir; ach ná casaigí i leataobh ó bheith ag leanúint an Tiarna, ach déanaigí seirbhís don Tiarna ó chroí go hiomlán.

21 Ná casaigí i leataobh ar thóir íol baoth nach féidir dóibh cabhair ná fuascailt a thabhairt mar gur baoth iad.

22 Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh.

23 Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa.

24 Tugaigí urraim don Tiarna agus déanaigí seirbhís dó go dílis ó chroí go hiomlán, mar cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé in bhur measc.

25 Ach má leanann sibh oraibh le bhur gcoirpeacht, ídeofar sibh féin agus bhur rí.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31