1 Samúéil 7 ABN

An Áirc i gCiriat Iáraím

1 Thainig muintir Chiriat Iáraím agus thugadar áirc an Tiarna leo suas, agus chuireadar isteach i dteach Aibíneádáb ar an gcnoc í, agus rinneadar mac Eileázár a choisreacan chun aire a thabhairt d'áirc an Tiarna.

2 Ón lá a socraíodh an áirc i gCiriat Iáraím, ghabh tamall fada thart, fiche éigin bliain, agus bhí teaghlach Iosrael go léir ag tnúth leis an Tiarna.

Samúéil Breitheamh

3 Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: “Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.”

4 Ansin chuir clann Iosrael uathu na Bálaím agus na hAisteárót agus d'fhónadar don Tiarna amháin.

5 Ansin dúirt Samúéil: “Cruinnígí Iosrael uile le chéile i Mizpeá, agus guífidh mé an Tiarna ar bhur son.”

6 Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d'fhógair siad: “Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.” Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá.

7 Nuair a chuala na Filistínigh go raibh clann Iosrael cruinnithe i Mizpeá, chuaigh flatha na bhFilistíneach suas in aghaidh Iosrael. Nuair a chuala clann Iosrael é sin tháinig eagla orthu roimh na Filistínigh.

8 Dúirt clann Iosrael le Samúéil: “Glaoigh gan stad ar an Tiarna ár nDia chun sinn a shaoradh ó chumhacht na bhFilistíneach”

9 Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d'ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.

10 Nuair a bhí Samúéil ag ofráil na híobartha dóite, dhruid na Filistínigh ina n‑aice chun catha a chur ar Iosrael, ach rinne an Tiarna tréanghlór toirní an lá sin ar na Filistínigh agus chuir sceimhle orthu, agus theitheadar roimh Iosrael.

11 Chuaigh muintir Iosrael amach ó Mhizpeá sa tóir ar na Filistínigh agus bhíodar á n‑eirleach chomh fada le Béit Cár.

12 Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”

13 Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.

14 Na cathracha a bhain na Filistínigh d'Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d'fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh.

15 Bhí Samúéil ina bhreitheamh ar Iosrael gach lá dá shaol.

16 Théadh sé gach bliain ar cuaird go Béitéil, go Gilgeál agus go Mizpeá. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael sna háiteanna sin go léir.

17 D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31