1 Samúéil 16 ABN

Dáiví á Ungadh

1 Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”

2 D'fhreagair Samúéil: “Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!” Agus dúirt an Tiarna: “Tabhair bearach leat, agus abair: ‘Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.’

3 Tabhair cuireadh chun na híobartha do Ieise, agus taispeánfaidh mise duit cad a bheidh le déanamh agat. An té a ainmneoidh mé duit, déanfaidh tú é a ungadh dom.”

4 Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”

5 Agus dúirt seisean: “Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.” Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh.

6 Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.”

7 Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”

8 Ansin ghlaoigh Ieise chuige ar Aibíonádáb agus thug os comhair Shamúéil é, agus dúirt seisean: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”

9 Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”

10 Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.”

11 D'fhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.”

12 Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.”

13 Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.

Dáiví i Seirbhís Shóil

14 Thréig spiorad an Tiarna Sól agus bhuair drochspiorad ón Tiarna é.

15 Dúirt a ghiollaí le Sól: “Sin drochspiorad ón Tiarna do do bhuaireamh.

16 Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.”

17 Dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí dom fear a sheinneann go maith agus tugaigí anseo chugam é!”

18 D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”

19 Chuir Sól teachtairí go Ieise dá bhrí sin á rá: “Cuir chugam Dáiví do mhac atá leis na caoirigh.”

20 Fuair Ieise [cúig] bhuilín aráin, seithe fíona agus meannán agus chuir go Sól iad le Dáiví a mhac.

21 Tháinig Dáiví go Sól ar an tslí sin, agus chuaigh ar seirbhís chuige. Bhí an-chion ag Sól air, agus ceapadh Dáiví ina fhear iompair airm dó.

22 Chuir Sól scéala chun Ieise ansin: “Lig do Dháiví bheith ar seirbhís agam, mar fuair sé gean mo chroí.”

23 Aon uair a thagadh an drochspiorad ó Dhia ar Shól, bheireadh Dáiví ar a chruit ina láimh; agus sheinneadh; ansin théadh Sól chun suaimhnis, thagadh biseach air, agus d'imíodh an drochspiorad uaidh.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31