1 Rith sé le Dáiví: “Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.”
2 Bhuail Dáiví bóthar dá bhrí sin, agus d'imigh sé, é féin agus an sé chéad fear a bhí ina choimhdeacht, síos go hÁicís, mac Mháóc, rí Ghat.
3 Chuir Dáiví faoi ag Gat le hÁicís, é féin agus a chuid fear, a chlann féin le gach duine díobh, agus a bheirt bhan le Dáiví .i. Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil.
4 Nuair a fuair Sól scéala gur theith Dáiví go Gat, scoir sé den tóir air.
5 Dúirt Dáiví le hÁicís: “Má fuair mé fabhar i do láthair, tabhair áit lonnaithe dom i gceann de bhailte na tíre. Cén fáth a mairfeadh do shearbhónta sa chathair ríoga i do theannta?”
6 An lá sin thug Áicís Zicleag dó agus dá bharrsan is le rí Iúdá Zicleag go dtí an lá inniu.
7 Is é an fad a d'fhan Dáiví i gcríocha na bhFilistíneach, bliain agus ceithre mhí.
8 Théadh Dáiví agus a chuid fear amach ag tabhairt fogha faoi na Gisiúraigh agus na Girzigh agus na hAmáiléicigh, mar sin iad na treabhchais a áitríonn an dúiche a shineann ó [Thealam] i dtreo Shiúr chomh fada leis an Éigipt.
9 Rinne Dáiví an dúiche a chreachadh agus níor fhág fear ná bean ina mbeatha, ach thug na caoirigh agus an t‑eallach, na hasail, na camaill, agus na héidí mar chreach, agus thug leis ar ais go hÁicís iad.
10 D'fhiafraíodh Áicís: “Cia ar a ndearna tú an fhoghail inniu?” D'fhreagraíodh Dáiví: “In aghaidh Neigib na gCéineach.”
11 Níor thug Dáiví fear ná bean riamh beo ar ais leis le scéala a thabhairt go Gat, “Le heagla,” a dúirt sé leis féin, “go sceithfidís orainn á rá: ‘Rinne Dáiví a leithéid seo.’ ” Mar sin a bhí ag Dáiví i rith an ama go léir a bhí sé i ndúiche na bhFilistíneach.
12 Bhí muinín ag Áicís as Dáiví; “Tá fuath agus gráin a mhuintire féin, Iosrael, tuillte aige dó féin,” a mheas sé, “agus beidh sé ina shearbhónta agam go brách.”