1 Samúéil 21 ABN

Dáiví agus Sagart Nob

1 Tháinig Dáiví ansin go Nob go dtí Aichímeilic, sagart. Tháinig Aichímeilic amach go hurramach in airicis Dháiví agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil tú i d'aonar agus gan aon duine leat?”

2 D'fhreagair Dáiví Aichímeilic sagart: “Thug an rí ordú dom agus dúirt liom: ‘Ná bíodh aon eolas ag aon duine faoin ngnó ar a bhfuilim do do chur, ná faoin ordú atáim a thabhairt duit.’ Maidir le mo shaighdiúirí, tá coinne déanta agam leo ina leithéid seo d'áit.

3 Idir an dá linn, céard atá ar láimh anseo agaibh? Tabhair dom cúig bhuilín nó cibé rud atá ar fáil.”

4 D'fhreagair an sagart Dáiví: “Níl aon arán coiteann ar láimh agam; níl ann ach arán naofa - ar choinníoll gur staon do chuid fear ó mhná.”

5 D'fhreagair Dáiví an sagart: “Bí deimhin de go bhfuil mná coiscthe orainn faoi mar a bhíonn i gcónaí nuair a théim ar eachtra; tá a gcuid coinnithe naofa ag mo shaighdiúirí. Cé gur aistear coiteann é seo, tá a gcuid naofa inniu go cinnte.”

6 Thug an sagart an t‑arán naofa dó dá bhrí sin mar nach raibh d'arán ann ach arán na láithreachta a thógtar ó láthair an Tiarna le harán te a chur ina áit an lá a thógtar é.

7 Tharla duine de shearbhóntaí Shóil a bheith ansiúd an lá sin, é coinnithe i láthair an Tiarna; Doéig an tEadómach a ba ainm dó agus ba é ceannaire tréadairí Shóil é.

8 Dúirt Dáiví ansin le hAichímeilic: “Nach bhfuil aon sleá ná claíomh ar láimh anseo agat? Níor thug mé mo chlaíomh ná m'airm liom mar go raibh práinn le gnó an rí.”

9 “Claíomh Ghóla an Filistíneach an té a mharaigh tú i nGleann Éileá,” arsa an sagart, “féach, tá sé ansiúd thall, agus éadach fillte air laistiar den éafód. Más mian leat é sin a bhreith leat, déan, mar níl anseo ach é.” “Níl a leithéid eile ann,” arsa Dáiví. “Tabhair dom é.”

10 D'imigh Dáiví leis an lá sin, agus theith ó Shól, agus tháinig go hÁicís rí Ghat.

11 Agus dúirt searbhóntaí Áicís leis-sean: “Nach é seo Dáiví, rí na tíre? Nach ina thaobh a chanaidís le chéile ag rince dóibh:‘Mharaigh Sól a mhílte,Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”

12 Rinne Dáiví a mhachnamh ar na focail seo ina chroí, agus tháinig scanradh air roimh Áicís rí Ghat.

13 Dhéanadh sé é féin a iompar go haisteach ina láthair, agus nuair a leagaidís lámha air ligeadh sé air a bheith ar buile. [Bhuaileadh] sé ar chomhlaí an gheata agus ligeadh prioslaí lena fhéasog síos.

14 Dúirt Áicís lena shearbhóntaí: “Féach, tá an fear seo as a mheabhair! Cén fáth ar thug sibh chugamsa é?

15 An amhlaidh nach bhfuil go leor gealt agam a rá is go bhfuil an duine seo á thabhairt agaibh chugam le bheith ag geamaíocht i mo láthair? An bhfuil sé le bheith ar mo theaghlach?”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31