11 An mhuintir go léir a raibh aithne acu air, nuair a chonaiceadar é, ag fáidheoireacht leis na fáithe, dúradar le chéile: “Cad a d'éirigh do mhac Chís? An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”
12 Agus dúirt duine ón áit: “Agus cér díobh iad?” Uaidh sin a tháinig an nath: “An bhfuil Sól freisin ar dhuine de na fáithe?”
13 Nuair a bhí an racht fáidheoireachta curtha de ag Sól, chuaigh sé ar ais [isteach sa teach],
14 agus d'fhiafraigh a uncail de féin agus dá shearbhónta: “Cá ndeachaigh sibh?” D'fhreagair sé: “Ag lorg na n‑asal, agus nuair a chonaiceamar nach bhféadaimis iad a fháil, chuamar go Samúéil.”
15 Dúirt uncail Shóil ansin: “Inis dom, más ea, céard a dúirt Samúéil libh.”
16 Dúirt Sól lena uncail: “Ní dhearna sé ach a rá go bhfuarthas na hasail,” agus níor inis sé focal dó dá ndúirt Samúéil faoi ghnó na ríogachta.
17 Ghlaoigh Samúéil ar an bpobal go léir le chéile chun an Tiarna i Mizpeá,